Failte
Ba mhaith liom fáilte Uí Cheallaigh a chur romhat go Gaelscoil Bhaile Brigín. Tá súil agam go gcabhraíonn an suíomh idirlín seo leat aithne a chur ar dea-nósanna agus cleachtas ár scoile.
Is scoil sinn a bunaíodh i 2006 tar éis dhian-obair an choiste bunaithe agus choiste na dtuistí. Tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar an scoil ó shin i leith, de bharr díograis, dearcadh dearfach agus dea-thoil gach duine sa scoilphobal. Is scoilphobal láidir atá tógtha againn anseo agus is iad daltaí na scoile croílár an phobail sin. Teastaíonn uainn go mbeidh saol scoile tairbhreach, taitneamhach, fiúntach ag gach páiste a thagann chuig ár scoil.
Chuige sin, cuirimid fáilte roimh ionchur ó thuismitheoirí am ar bith. Teastaíonn uainn an t-atmaisfear oscailte, comhoibritheach atá go láidir sa scoil a fhorbairt agus a láidriú, chun a chinntiú go n-eiríonn le gach duine sa phobal a mianach a bhaint amach.
Is scoil an-oscailte sinn, agus chuige sin, fáiltímid roimh aon cheist, moladh nó eile ó aon tuismitheoir am ar bith! Tá mile fáilte romhat, mar chuairteoir ar an suíomh teacht i dteangbháil linn má tá tuilleadh ceisteanna agat!
Le meas
Clodagh Ní Mhaoilchiaráin.

