An Bord Bainistíochta
Suíonn Bord Bainistíochta na scoile ar feadh tréimhse 4 bhliana. Tá an Bord déanta suas de 8, baill ó ghrúpaí éagsúla den scoil. Roghnaíonn an Pátrún, An Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge an Bord Bainistíochta. Roghnaíodh an Bord atá ann faoi láthair ag deireadh 2012. Ritheann tréimhse an bhoird ar feadh 4 bliana (2012-2016).
Seo thíos baill an bhoird:
- 2 ainmnithe ag an bPátrún mar Ionadaithe an Fhorais - Micheál Mac Mathúna agus Ruaidhrí Ó hÓráin
- 2 thuismitheoir de pháistí atá ionrollaithe sa scoil (máthair agus athair). Toghadh iad seo ag tuismitheoirí eile na scoile - Niamh Ashmore agus Stephen Kilgallon
- An Príomhoide - Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
- Ionadaí na Múinteoirí (roghnaithe ag na múinteoirí) - Cormac Ó Tuairisg
- 2 ionadaí ón bpobal (Bíonn siúd roghnaithe ag an 6 thuas) - Áine Ní Choileáin agus Trevor Sargent
Tugann an Bord aghaidh ar chúrsaí airgid na scoile. Déantar deimhniú ar bhonn bliaintiúil ar chuntais na scoile. Pléann an Bord chomh maith le fís na scoile agus polasaithe na scoile. Tá dualgas ar an mBord a bheith ag cinntiú go bhfuil an scoil ag cloí le rialacha na roinne oideachais agus aon roinn eile agus ag cloí le dlí na tire.
Bíonn cruinnithe boird ar bhonn míosa go hiondúil. Bíonn ionadaithe na dTuistí ar an mBord ag freastal ar chruinnithe Choiste na dTuistí, rud a éascaíonn teangbháil agus cumarsáid idir an dá ghrúpa.

