School PhotoGaelscoil Bhaile Brigin - School Photo

Na Himeachtaí Atá Le Teacht

 

 

*** Brat Gníomhach ***

Mar chuid dár n-iarracht chun An Brat Gníomhach a bhaint amach thosniaigh M. Neasa ag dul amach ag rith leis na páistí ag am lóin. Thosnaigh sí le ranganna 4,5&6. Ar an gcéad lá thóg se 49 nóiméid agus 55 soicind ar an ngrúpa rith suas go dtí an timpeallán is gaire d'Ionad Siopadóireachta Millfield. Lean siad orthu ag traeanáil ar feadh 8 seachtaine agus nior thóg sé ach 29 nóiméid agus 43 soicind orthu ar an 25/01/13. Chuaigh siad ag rith thart ar an mbaile,thíos go dtí an trá agus mar sin de.

Thosnaigh ranganna 1 &2 ar an 08/02/13 agus rith siad go dti an áit chéanna ar an gcéad lá. Níor thóg sé ach 44nóim. Leanfaidh an grúpa seo ar aghaidh go dtí laethanta saoire na Cásca. Tosnóidh na Naíonáin ansin ar an 10/04/13.

Beidh an rith ar siúl gach lá sa tseachtain seachas an lá atá M. Neasa ar an gclós. Ba cheart do gach páiste bróga reatha a chaitheamh ar scoil nó iad a thabhairt sna málaí agus iad a chuir orthu ag am lóin. Bíodh inhalers ag éinne a úsáideann iad.

 

 

Deireadh Fómhair

 

26ú - Díolacháin Cácaí & Gléasadh Suas

Beidh lá craiceáilte ar siúl ar an 26ú DF. Is féidir le páistí gléasadh suas ar an lá seo. Beidh tae & café ar fáil do tuidtí freisin. Táimid ag iarraidh ar gach duiné €2 a thabhairt isteach leo don gléasadh suas agus píosa beag airgead don díolachán. Roinnfear aon airgead idir costas na busanna don peil/ iománaíocht & Madraí Treorach. Níl aon leath lá ran 26ú DF. Meabhrúcháin: Tá roinnt páistí sa scoil le fíor alléirge do cnónna. Mar sin ná seol aon cácaí isteach le cnónna iontu.

 

26ú - Dioscó Scoile

Beidh diosco ar siúl i halla na scoile ar an Aoine 26ú DF á reachtáil ag Coiste na dTuistí. Tá na hammanta luaite thíos.

Naíonra – Naíonáin Mhóra 5-6i.n. & Rang a 1 + 6.30-8i.n. €3 an pháiste nó €5 an chlann.

Ní bheidh cead ag aon páiste an halla a fhágáil leo féin fiú na páistí níos sine.

 

 

Samhain

 

14ú - Cruinnithe Tuistí

Beidh na cruinnithe seo ar siúl ar an gCéadaoin 14/11/12 (ach amháin naíonáin bheaga). Críochnóidh gach duine 15 nóiméad luath an lá sin. Beidh na múinteoirí tacaíochta ar fáil an lá sin freisin ma tá tú ag iarraidh cruinniú a eagrú leo. Beidh roinnt de na múinteoirí ar fáil roimh & tar éis am scoile le linn na seachtaine sin. Is féidir leat am a shocrú leis an múinteoir ranga má oireann sé seo duit. Beidh cruinnithe do na naíonáin bheaga ag tosú tar éis an bhriseadh. Gheobhaidh tuisti nóta abhaile. Tá na cruinnithe seo ar siúl ar feadh 10 noiméad(ach amháin NB). Má ceapann tú go mbeidh níos mó ama ag teatáil uait leis an mhúinteoir, dean teagmhál leis/lei faoi dáta eile a shocrú.

 

15th - Tráth na gCeist

Beidh tráth na gceist ar siúl ar an 15ú Samhain sa Bracken Ct. @8i.n. Cosnóidh na ticéid €10 an cheann agus tá siad ar fáil anois ón oifig nó ó Múinteoir Cormac. Rachfaidh aon airgead bailithe i dtreo dífhibrileoir don scoil. Tá €650 bailithe againn go dtí seo. Bheinn buíoch as aon dúiseanna a bheadh éinne in ann cur ar fáil don oíche.