Privacy Policy Cookie Policy Cúlra na Scoile | gsbb
top of page

Cúlra na Scoile

Osclaíodh doirse Ghaelscoil Bhaile Brigín ar an 4 Meán Fómhair 2006 de dheasca dian-obair, díogras, creidiúint agus dea-thoil an Choiste bunaithe. Tréaslaíonn pobal na scoile an obair seo ar fad.

 

Osclaíodh an scoil le 35 páiste agus 2 mhúinteoir. Gan amhras, ba lá cinniúnach é don bhaile, don Ghaeilge, don Choiste, dona tuismitheoirí, na daltaí agus foireann na scoile. Ó shin i leith, tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar an scoil.

 

D’fháiltigh an Áthaslann romhainn le gean agus groí. Chaith muid dhá bhliain shona san Áthaslann. Bhí foireann na hÁthaslainne chomh fáilteach groiúil, go n-airíonn muid uainn iad fós.

Tá fás leanúnach ag teacht ar an scoil in aghaidh na bliana, agus táim ag súil le toradh an fháis seo a fheiceáil!

Ach fuair muid dea-scéal le linn na scoilbhliana 2007-08 go mbeadh ár scoil féin reidh dúinn i bhFearann an Chaisleáin do mhí Mheán Fomhair 2008. Bhog muid isteach ag deireadh mhí Lúnasa 2008 le 115 dalta agus 6 mhúinteoir.

 

Ní féidir é a shéanadh ach go bhfuil an fás dochreidte seo, atá ag leanúint ar aghaidh de shíor, mar thoradh ar dhíogras gach duine atá bainteach leis an scoil. Mar phríomhoide, tá an t-ádh dearg liomsa a bheith ag obair le Foireann, daltaí, Bord agus Aontas na dTuistí den chaighdeán seo.

 

Tá leas na ndaltaí agus na scoile chun cinn agus is mór an onóir domsa a bheith ag obair taobh leo ar fad!  Tá 367 dalta 28 múinteoir agus 10 CRS againn faoi láthair.

bottom of page