Search
Míle buíochas ó Choiste na nDaltaí
- Aisling Ní Ghiobúin
- Apr 12, 2022
- 1 min read
Ba mhaith linn ár míle buíochas a ghabháil libh uilig as ucht bhur dtacaíochta an tseachtain seo chaite. Bhailíomar €1648 ar son Chumann Croise Deirge na hÉireann. Bhailigh rang a 5 soláthairtí do na dídeanaithe a bheidh ag fanacht sa champa i mBaile Mhic Gormáin. Seo thíos cúpla grianghraf de Chiarán ó rang a 5 ag bronadh na soláthairtí orthu.


Comentarios