Privacy Policy Cookie Policy Féinmheastóireacht Scoile | gsbb
top of page

Féinmheastóireacht Scoile 2022-2026

CAD IS FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE ANN?

An rud atá i gceist le féinmheastóireacht scoile (FMS) ná próiseas comhoibríoch, athmhachnamhach agus cuimsitheach den athbhreithniú inmheánach scoile. Le linn FMS, beidh foireann na scoile, faoi stiúir an bhoird bhainistíochta agus an phátrúin, agus i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus leis na daltaí, páirteach i bhfiosrú athmhachnamhach ar obair na scoile. Baineann féinmheastóireacht scoile go príomha le feabhsúchán agus le forbairt scoile.

Féimheastóireacht.png

Cá bhfuil GSBB sa phróiséas FMS?

Tá sé chéim le baint amach sa phróiseas FMS leis an gCreat Cleachtais don Fholláine. 

Is é ‘Aimnigh an fócas’ an chéad chéim. 

Tar éis iniúchadh scoile a bhaint amach, táimid chun díriú isteach ar an bPríomhréimse do Chothú na Folláine: Cultúr & Timpeallacht. 

Faoi láthair táimid ar chéim 2 ‘Fianaise a bhailiú’. 

Beidh tuilleadh eolais le teacht sa nuachtlitir agus ar shuíomh idirlín na scoile agus muid ag bogadh tríd na céimeanna.

Cuidíonn féinmheastóireacht scoile le scoileanna:

Céim chun tosaigh a ghlacadh, chun feabhas a chur ar 

cháilíocht an oideachais atá á chur ar fáil dá ndaltaí.

An méid atá ag obair go maith a dheimhniú, agus tógáil ar sin.

 

Réimsí ina bhfuil gá le forbairt a aithint agus cinneadh ar na                gníomhartha atá le déanamh chun feabhsúchán a chur i bhfeidhm sna réimsí sin.  

     

Tuairisciú do phobal na scoile faoi na láidreachtaí in obair na               scoile agus na tosaíochtaí d’fheabhsúchán agus d’fhorbairt.

An Roinn.png
bottom of page