Cláruchán
Tá polasaí iontrála nua curtha i bhfeidhm againn ón scoilbhliain 2021/22, de réir an Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018. Tá an polasaí nua seo faomhaithe ag ár bpátrún, An Foras Pátrúnachta agus tá cóip de le feiceáil thíos. De réir an pholasaí nua, ní féidir linn glacadh le liostaí roimhré.
Tá treoir tugtha ag an Roinn Oideachais chun uasdátú a dhéanamh ar pholasaí ionrolaíochta na scoile faoi Chiorclán 39/2025. Baineann na leasaithe go príomha le hionrolaíocht maidir leis na ranganna speisialta agus tá na leasaithe cuí curtha lenár bpolasaí reatha faoi mhír 4.
Bheimís buíoch ach dá mbeadh aon aiseolas ag éinne duine ar an méid seo, sin a chur in iúl faoin 16/9/25.
Ionrollaíocht do Mheán Fómhair 2025 agus amach anseo.
Beidh an fhoirm réamhchláracháin ar fáil ar an leathanach seo le linn mhí Dheireadh Fómhair na bliana roimh thosú ar scoil. msh Deireadh Fómhair '24 le tosú i mí Mheán Fómhair '25.
Beidh an fhoirm réamhchláracháin ar fáil ar an leathanach seo ag 8:00 maidin dé Céadaoin an 1 de Mí Deireadh Fómhar (01/10/2025). Beidh sé ar fáil thíos faoi Foirm Reámhchárúcháín 2026-27. Má tá aon fadhbh agat leis chuir ríomhphoist chuig oifig@gsbhailebrigin.ie
Tá na fhoirmeacha réamhchlárúcháin anois ar fháil don Chuan (Rang speisialta) do 2026/27. Tá siad ar fáil faoi foirm iarratais don Chuan 2026-27. Má tá aon fadbh chuir ríomhphoist chuig oifig@gsbhailebrigin.ie . Tá ar aon foirm don Chuan beith istigh ríomh an 29/09/2025.
Ag athrú ó scoil eile.
Déan teagmháil le hoifig na scoile.




