Privacy Policy Cookie Policy Tumoideachas | gsbb
top of page

Tumoideachas

Seard is brí le Gaelscolaíocht ná coras ina múintear gach ábhar, seachas an Béarla, tri mhean na Gaeilge. Sí an Ghaeilge teanga cumarsáide agus teagasc na scoile. Is ionann an Ghaeilge agus teanga oibre na scoile. Leanann páistí i ngaelscoileanna an gnáth churaclaim scoile mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. Baintear amach líofacht iomlán sa Bhéarla agu sa Ghaeilge tríd an chóras seo.

Tá múnlaí éagsúla den tumoideachas a gcleachtadh go hidirnáisiúnta. Faoi láthair ta múnlaí comhchosúla den tumoideachas á gcleachtadh sna gaelscoileanna, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Feicfidh tú thíos an múnla atá á chleachtadh in ár scoil.

An Luath-thumoideachas Iomlán

Cleachtaíonn muid an luath-thumoideachas iomlán sa scoil. Ciallaíonn sé seo nach múintear Béarla go dtí an dara tearma sna Naíonáin Mhóra. Déantar é seo chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile a luaithe is gur féidir. Cabhraíonn sé linn a chinntiú, ar bhealach tuisceanach, go mbeidh an oiread Gaeilge is gur féidir ag na páistí ionas gur féidir leo tabhairt faoi na hábhair scoile eile.

 

Tríd an próiséas seo, sealbhaíonn an páiste go leor Gaeilge chun scileanna réamhléitheoireachta a fhoghlaim ar dtús trí Ghaeilge, agus ansin déantar na scileanna seo a aistrú go Béarla nuair a thosaítear ar mhúineadh an Bhéarla. Cabhraíonn an t-aistriú scileanna seo ón mionthheanga go dtí an mhór theanga caighdeán níos fearr a bhaint amach sa dá theanga, seachas dá mbeadh sé ar siúl ó mhórtheanga go mionteanga.

 

Mar thuismitheoir, tuigimid go bhfuil léibhéal Gaeilge difriúl ag gach duine, ach d’iarrfaimís ort an oiread atá agat a úsáid i dtimpeallacht na scoile. Tugann sé seo le fios don dalta go bhfuil meas agus tábhacht ag baint leis an nGaeilge i súile an tuismitheora.

Cén Fáth go roghnóinn an tumoideachas do mo pháiste?

Baintear amach ard-chaighdeán oideachais i ngach ábhar an churaclaim, an Béarla san áireamh.

Tá sé cruthaithe gurb é an córas is éifeachtaí do shealbhú na Gaeilge.

Cén ról ata ann domsa mar thuismitheoir?

Tá go leor bealaí gur féidir leat cabhrú mar thuismitheoir, ina measc:

- Glac ról gníomhach i scolaíocht iomlan do pháiste.  Is féidir moltaí a fháil faoi seo ó fhoireann na scoile agus Choiste na dTuistí.

- Tá sé an-tábachtach spéis a leiriú in obair bhaile do pháiste chomh maith le léitheoireacht sa dá teanga, Béarla agus Gaeilge a spreagadh.

An gá go mbeadh Gaeilge agam mar thuismitheoir?

- Ní ghá go mbeadh ach is buntáiste é don pháiste má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile agus gur léir don pháiste nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge

- Fáiltítear go mór roimh pháistí o gach cúlra teanga agus cultúir

- Cuirfear tacaíocht teanga ar fáil do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a scileanna Gaeilge a fheabhsú

- Cabhraíonn meon dearfach le forbairt an pháiste agus ta sé seo amhlaidh d’fhorbairt iomlán an pháiste sa ghaelscoil

Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh

BUNTÁISTÍ AN CHURACLAIM:

  • Gnóthachtáil mheadaithe curaclaim

  • Níos éasca an 3ú agus 4ú teanga a shealbhú

BUNTÁISTÍ CUMARSÁIDE:

  • An dátheangachas (cumas dhá theanga a labhairt go líofa)

  • Litearthacht i dhá theanga (léamh agus scríobh i dhá theanga)

  • Cumarsáid níos forleithne (teaghlach, pobal, cairde, fostaíocht)

BUNTÁISTÍ CULTÚRTHA:

  • Inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile); ilchultúrachas níos doimhne, caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr

BUNTÁISTÍ COGNAÍOCHA:

  • Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide)

BUNTÁISTÍ CARACHTAIR:

  • Féinmhuinín níos airde

  • Diongbháilteacht féiniúlachta

BUNTÁISTÍ AIRGID:

  • Economic and employment benefitsBuntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta

bottom of page