Díolachán Cácaí
Bhí díolachán cácaí ar siúl ar an 29ú de mhí Mheán Fómhair agus bhí muid ag bailiú airgid ar son foirne spóirt na scoile. Bhí Rang a Sé i gceannas ar an díolachán cácaí. Ar deireadh, bhailigh muid os cionn 900 euro agus bainfidh foirne spóirt na scoile an leas as! Míle buíochas do ghach duine a thug tacaíocht dúinn.


Rang a Ceathair
Bácáil i rang a 4 Bhí rang a 4 i mbun bácácla inniu. Rinneamar mionbhruartorthaí. Bhí sé an-blasta. Thugamar uachtar, custard agus uachtar reoite isteach chun dul leis. Táimid lán go béal go fóill.


Naíonáin Mhóra
Meán Fómhair 2017 Bhí naíonáin mhóra gnóthach an téarma seo ag foghlaim faoi ainmhithe cosúil leis an ngráinneog. Is breá leo ag canadh 'Tá mise sna naíonáin mhóra' agus 'An hócaí pócaí'.

