Táimid Réidh D'uimhir 6!
Go néirí le foireann Átha Cliath Dé Sathairn sa chraobh. Féach ar dhoras Múinteoir Neasa thíos!


An Seó Nollag
Le gach rud atá ag tarlúint i mbliana le COVID 19, ní féidir linn fáilte a chur roimh thuismitheoirí le breathnú ar an seó Nollag mar is gnáth. Ach ná bígí buartha! Tá na ranganna uilig théis bheith ag cleachtadh go dian ar an seó agus beidh siad á thaifead an tseachtain seo. Roinnfear an nasc oraibh roimh shaoire na Nollag.

Na Ceiltigh
Bhí R5 Ag obair go dian ag foghlaim faoi Na Ceiltigh le déanaí. D’fhoghlaim siad faoi thithíocht, feirmeoireacht, ealaíon, uirlisí troda, scríbhneoireacht na gCeilteach. Chruthaigh siad tionscnaimh iontacha bunaithe ar an bhfoghlaim seo.
