TeamHope
Míle buíochas do chách a thug bosca Nollag isteach ar son TeamHope go háirithe rang a 4 múinteoir Aoife a rinne sár-iarracht.


Rang a 4
Bhain R4 go leor taitneamh agus tairbhe as IPads a úsáid le bheith ag foghlaim faoi Na Lochlannaigh. Dhein siad scanadh ar QR Codes chun eolas a bhailiú faoi na Lochlannaigh

Seachtain na hEolaíochta 2021!
Bhí Seachtain Eolaíochta den scoth againn an tseachtain seo caite. Bhí na páistí agus na múinteoirí gnóthach & iad I mbun Eolaíochta don tseachtain. Bhaineamar an-sult as na turgnaimh & taispeántais ar fad. Bhí an t-uafás plé agus foghlaim ar siúl.


Seachtain Eolaíochta
Bhí an spraoi ag Rang a 4 ag déanamh eitleáin pháipéir.

