Míle buíochas ó Choiste na nDaltaí
Ba mhaith linn ár míle buíochas a ghabháil libh uilig as ucht bhur dtacaíochta an tseachtain seo chaite. Bhailíomar €1648 ar son Chumann Croise Deirge na hÉireann. Bhailigh rang a 5 soláthairtí do na dídeanaithe a bheidh ag fanacht sa champa i mBaile Mhic Gormáin. Seo thíos cúpla grianghraf de Chiarán ó rang a 5 ag bronadh na soláthairtí orthu.


Lá na nAmadán
Bhí rang a 5 gnóthach inniu ag iarriadh amadán Aibreáin a dhéanamh de mhúinteoir Daithí. D'éirigh leo faoi dheireadh le cabhair ó Mhúinteoir Maria. Baineadh geit as nuair a chonaic sé rang iomlán nua sa seomra tar éis am lóin. Nach bhfuil cuma an-bhlasta ar na donnóga sin? :)

